Date: 2 August 2026
Tá tús iontach curtha le Comhaltas Fleadh Cheoil na hÉireann 2026 inniu, le léirithe cumhachtacha, imeachtaí teaghlaigh agus ceol bríomhar amuigh faoin aer ag titim amach ar shráideanna ar fud na cathrach.
Tháinig na sluaite le chéile ag Halla na Cathrach ag am lóin inniu le héisteacht le hArd-Mhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Róis-Máire Donnelly, ag fógairt go bhfuil an ócáid oscailte go hoifigiúil agus go mbeidh ocht lá de cheol, amhránaíocht agus damhsa ann.
I measc na n-aíonna bhí an tUachtarán Catherine Connolly, an Chéad-Aire Michelle O'Neill CTR, an LeasChéad-Aire Emma Pengelly CTR, an tAire Geilleagair, an Dr Caoimhe Archibald CTR agus Státrúnaí Thuaisceart Éireann, an Dr Chris Bryant, chomh maith leis an Dr Labhrás Ó Murchú, Ard-Stiúrthóir Comhaltas Ceoltóirí Éireann, agus Attracta Ní Bhrádaigh, Uachtarán an Chomhaltais, in éineacht le ceoltóirí, damhsóirí agus páistí scoile áitiúla a rinne taispeántas bríomhar, ildánach agus lán fuinnimh, taispeántas a léiríonn an méid atá romhainn idir seo agus an Domhnach 9 Lúnasa.
Táthar ag súil le breis agus 800,000 cuairteoir ar an chathair an tseachtain seo le haghaidh ceann de na himeachtaí cultúrtha is mó san Eoraip, ina dtugtar le chéile an chuid is fearr de cheol traidisiúnta na hÉireann, chomh maith le comórtais uile-Éireann, gníomhaíochtaí do gach aoisghrúpa, imeachtaí faoi stiúir an phobail agus taispeántas d'oidhreacht shaibhir agus éagsúil Chathair Cheoil EOECNA i mBéal Feirste.
Agus í ag cur fáilte roimh chuairteoirí chuig an chathair, dúirt an tArd-Mhéara, an Comhairleoir Róis-Máire Donnelly, gur deis a bhí san Fhleadh do dhaoine teacht le chéile, tacú le gnólachtaí áitiúla, deiseanna a chruthú do dhaoine óga agus bród a chothú i bpobail agus sa chathair i gcoitinne.
Thug sí ómós don chomhpháirtíocht idir Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus CCÉ na nArda, chomh maith le hionaid, eagraíochtaí ealaíon, baill foirne agus oibrithe deonacha atá ag obair leis an ócáid a chur ar fáil.
"Aimsíonn rithim agus comhcheol a mbealach isteach san anam is é sin an rud atá i gceist leis an Fhleadh domsa - ceiliúradh ar ár gcultúr, an t-anam ársa sin ag sileadh amach trasna na cathrach, inár sráideanna agus inár dtithe," a dúirt sí leis an lucht féachana.
"Ó Halla na Cathrach, agus sna comharsanachtaí sin, taispeánfaidh an Fhleadh tallann as an ghnách, chomh maith leis an fháilteachas agus an chairdiúlacht atá ar fáil sa chathair seo.
"Mar Chathair Cheoil EOECNA, tá cruthaitheacht fite fuaite lenár bhféiniúlacht. Seinnfear foinn an tseachtain seo ar an ábhar gur thras-scríobh Edward Bunting iad sna Seomraí Tionóil os cionn 230 bliain ó shin – rotha móra an tsaoil!
"Déanaimid ceiliúradh ar an oidhreacht sin agus muid ag cur fáilte roimh na céadta míle cuairteoir ó gach cearn d'Éirinn, agus ón domhan, le heispéireas a bheith acu ar a bhfuil ar fáil sa chathair seo."
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Labhrás Ó Murchú, Ard-Stiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann: “Agus Comhaltas ag ceiliúradh 75 bliain ar an bhfód, déanaimid machnamh le bród ar aistear iontach chun pobail a thabhairt le chéile trí cheol, cultúr agus cairdeas traidisiúnta na hÉireann.
“Ar ais i 1967, chuir mé ceist orm féin an dtiocfadh Fleadh Cheoil na hÉireann go Béal Feirste choíche. Inniu, freagraíodh an cheist sin. Is fíor bhrionglóid é an Fleadh a theacht go Béal Feirste agus ócáid fíor-stairiúil do Chomhaltas agus do chathair Bhéal Feirste. Tá súil agam go mbeidh oidhreacht na Fleidhe stairiúla seo le brath ar fud Bhéal Feirste go ceann blianta fada amach romhainn.”
A dúirt Attracta Ní Bhradaigh, Uachtarán, Comhaltas Ceoltóirí Éireann: “Is mór an onóir fáilte a chur roimh chách chuig an gcéad Fleadh Cheoil na hÉireann a bheidh ar siúl i mBéal Feirste. Is tráth suntasach é seo i stair an Chomhaltais agus muid ag ceiliúradh 75 bliain ar an bhfód agus an Fleadh a thabhairt go dtí an chathair bhríomhar stairiúil seo.
“Cibé an bhfuil tú linn le bheith san iomaíocht, ag seinnt, ag obair go deonach nó ag baint sult as an atmaisféar, tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as gach rud atá le tairiscint ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus ceiliúradh a dhéanamh ar an gceol, ar an gcultúr, ar an gcairdeas atá ag croílár an Chomhaltais le 75 bliain.”
Ba é an taispeántas speisialta ‘Traidisiúin Chomhroinnte’ a bhí mar chéad léiriú ar an Gig Rig i Halla na Cathrach - léiriú comhoibríoch ó CCÉ na nArda, Acadamh Damhsa na hÁise Theas, Fóram Bannaí Bhéal Feirste agus sraith píobairí ó Ardchríocha na hAlban agus curaidh de dhamhsóirí Gaelacha, faoi stiúir cheannaire Riverdance, Lauren Smyth.
Bhí níos mó ná 100 páiste ó bhunscoileanna agus meánscoileanna ar fud Bhéal Feirste agus an Dúin Thuaidh ar an stáitse iontach amuigh faoi aer, agus rinneadh siad leagan cumhachtach de 'Belfast Belle', mar chuid de thionscadal cór scoileanna trasphobail.
Lean an ceol ar aghaidh go dtí an tráthnóna le léirithe ó Hothouse Flowers, Annalise Whyte, CCÉ na nArda agus an Blackwater Céilí Band, agus tráthnóna bhí Shaer, Moss and Warnock Trio, Goitse agus Sharon Shannon agus a Big Band ag seinm.
In áiteanna eile, bhí an chathair lán le himeachtaí i rith an lae, lena n-áirítear seisiúin cheoil thraidisiúnta do pháistí ag 2 Ascaill Ríoga, ceol carnabhail ó bhanna samba BEATnDRUM ag Flaxx Social Space agus oscailt an tSráidbhaile Bia in Ardeaglais Bhéal Feirste.
I measc na n-imeachtaí pobail áitiúla bhí an Super Sunday Session sa Commons ar Bhóthar Ormeau, cosáin cheoil ó thuaisceart agus ó dheisceart Bhéal Feirste isteach go lár na cathrach, turais oidhreachta agus seisiúin damhsa.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi na rudaí atá ar siúl ag Fleadh an tseachtain seo, tabhair cuairt ar fleadhcheoil.ie agus lean Fleadh Cheoil ar Facebook, Instagram agus TikTok.