Skip to main content

Straitéis Teanga – Dréachtphlean Gníomhaíochta 2023-2026

Is dréachtphlean gníomhaíochta é seo thar na snáitheanna teanga ar fad i Straitéis Teanga na Comhairle 2018-2023.

Sheol an Chomhairle a Straitéis Teanga i mí Aibreáin 2018. Gealltar sa Straités go mbunófar tacar trédhearcach prionsabal le héagsúlacht teanga sa chathair a chur chun cinn, a chosaint agus a fheabhsú; Tá cúig shnáithe teanga sa Straitéís:

  • Gaeilge
  • Ultais
  • Pobail Mhionlaigh Eitneacha 
  • Teangacha Comharthaíochta (Teanga Chomharthaíochta na Breataine agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann)
  • Teangacha agus Modhanna Cumarsáide do dhaoine atá faoi Mhíchumas.

Tá an Straitéis seo eagraithe de réir sruthanna oibre téamacha ina leagtar amach an dóigh a ndéanfaidh an Chomhairle beart de réir a briathair maidir leis na coimitmintí sa Straitéis Teanga. Aithnítear sa straitéis tosaíochtaí láithreacha agus spriocanna fadtéarmacha araon. Cé go mbeidh na tosaíochtaí láithreacha sa chéad fhócas, tá sé mar mhian leis na tosaíochtaí go léir a shainaithnítear a sheachadadh taobh istigh de shaolré an phlean seo.

Beidh freagracht iomlán ar Roinn Seirbhísí Dlí agus Cathartha na Comhairle as monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na dtosaíochtaí leis an phlean gníomhaíochta.. Mar sin féin, tá freagracht ar gach Roinn de chuid na Comhairle a chinntiú go bhfuil an Straitéis Teanga agus an plean gníomhaíochta seo mar bhonn eolais lena gcuid feidhmeanna a sheachadadh. Déanfar athbhreithniú ar an phlean gníomhaíochta gach bliain agus cuirfear tuairiscí nuashonraithe rialta faoi bhráid Grúpa Oibre Straitéise Teanga na gComhaltaí Tofa a thuairiscíonn do Choiste Straitéiseach Beartais agus Acmhainní na Comhairle.

Ábhar

Iarscríbhinn 1 – cur chuige eatramhach do theangacha roghnaithe do Phobail Mhionlaigh Eitneacha. 15

1.0 Rochtain ar Sheirbhísí na Comhairle

Teanga

Gníomh

Roinn atá Freagrach
(Acmhainní le deimhniú)

Tosaíocht Láithreach

Tosaíocht níos Fadtéarmaí

1.1.

Gach Teanga

Soláthar agus cur chun cinn seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin ar fud na Comhairle.

  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)

 

1.2.

Pobail Mhionlaigh Eitneacha

Forbairt bunachar sonraí treoracha a fhiosrú, lena n-áirítear comhairle atá ar fáil cheana féin a aithint, maidir leis an dóigh le rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí i mBéal Feirste trí theangacha éagsúla lena n-áirítear iniúchadh a dhéanamh ar a bhfuil ar fáil cheana féin agus an fhaisnéis seo a chur chun cinn.

  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Dea-Chaidreamh
  • Margaíocht agus Cumarsáidí

 

1.3.

Pobail Mhionlaigh Eitneacha

Leanstan le bogearraí uathoibrithe aistriúcháin ar ardchaighdeán a sholáthar ar an suíomh Gréasáin seachtrach.

  • Margaíocht agus Cumarsáidí
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)

 

1.4.

Teangacha agus Modhanna Cumarsáide do Dhaoine atá faoi Mhíchumas

Treoir a fhorbairt le tacú le ranna maidir le hinrochtaineacht ar dhoiciméid, seirbhísí agus áiseanna na Comhairle ó thaobh míchumais de.

  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Gach Roinn

 

1.5

Gaeilge

Seoladh ríomhphoist gaeilge@belfastcity.gov.uk agus leathanach suímh Gréasáin a chruthú agus a chur chun cinn ag míniú an dóigh is féidir leis an bpobal teagmháil a dhéanamh linn i nGaeilge.

  • Margaíocht agus Cumarsáidí
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)

 

1.6

Gaeilge

Na socruithe maidir le húsáid na Gaeilge ag cruinnithe na Comhairle a chódú.

  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)

 

1.7

Gach teanga

A chinntiú go mbíonn aird in imeachtaí agus féiltí atá á reáchtáil ag an Chomhairle ar chur chun cinn teangacha éagsúla agus spreagadh a thabhairt d’imeachtaí ábhartha a eagrú i Halla na Cathrach.

  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Áit agus Geilleagar (Forbairt Gheilleagrach)
  • Seirbhísí Cathrach agus Comharsanachta

 

1.8

Gaeilge

Liosta a fhorbairt de dhoiciméid agus de phríomhfhoilseacháin straitéiseacha na Comhairle le cur ar fáil go réamhghníomhach i nGaeilge.

  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Príomhroinn
  • Margaíocht agus Cumarsáidí

 

1.9

Pobail Mhionlaigh Eitneacha

Le heolas a chur ar fáil ar an suíomh Gréasáin (agus City Matters) ar an dóigh le feidhm aistriúcháin an tsuímh Ghréasáin a úsáid, an dóigh le glaoch a chur ar an chomhairle trí úsáid a bhaint as BigWord agus ateangaire nó doiciméid a iarraidh i dteanga eile.

  • Margaíocht agus Cumarsáidí
  • Béim ar Chustaiméirí
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Dea-Chaidreamh
 
1.10

Gaeilge

Prótacal a fhorbairt le preasráitis Gaeilge a sholáthar sa chás go mbaineann an t-ábhar leis an Ghaeilge nó go bhfuil baint aige le príomhthionscnamh straitéiseach na Comhairle ach acmhainní agus an t-am a bheith ar fáil.

  • Margaíocht agus Cumarsáidí
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)

 

1.11

Gaeilge

Cuirfear ábhar Gaeilge ar fáil ar fud ardáin mheáin shóisialta na Comhairle nuair a bhaineann an t-ábhar leis an Ghaeilge agus acmhainní agus an t-am a bheith ar fáil.

  • Margaíocht agus Cumarsáidí
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)

 

1.12

Gach teanga

Déanfar freastal ar iarratais ar ábhar meán sóisialta i dteangacha eile nuair a bhaineann sé le himeachtaí nó ceiliúrtha ar leith a bhaineann leis an Chomhairle, nuair is féidir.

  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)

 

1.13

Teanga Chomharthaíochta

Cur síos soiléir a sholáthar ar an suíomh Gréasáin agus City Matters ar na seirbhísí atá ar fáil i dTeangacha Comharthaíochta don phobal.

  • Margaíocht agus Cumarsáidí
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Béim ar Chustaiméirí

 

1.14

Gach teanga

Cur chuige a fhorbairt le hábhar rialta a sholáthar i dteangacha eile in City Matters. Déanfar é sin a fhorbairt i gcomhréir leis na paraiméadair chomhaontaithe in Iarscríbhinn 1.

  • Margaíocht agus Cumarsáidí
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Dea-Chaidreamh
 

1.15

Gach teanga

Athbhreithniú a dhéanamh ar phrótacail don fhoireann le tacú le custaiméirí nach bhfuil Béarla acu cód cúirtéise do theangacha dúchasacha agus oiliúint feasachta cultúrtha a chur ar fáil.

  • Béim ar Chustaiméirí
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
 

1.16

Gach teanga

Iniúchadh a dhéanamh ar fhoireann na Comhairle le cumas teanga a mheas.

  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • AD Corparáideach
 
1.17

Gaeilge

Beartas corparáideach don Ghaeilge a fhorbairt, lena n-áirítear cur chuige maidir le comharthaíocht.

  • Gach Roinn

 
1.18 Ultais Beartas corparáideach don Ultais a fhorbairt, lena n-áirítear cur chuige maidir le comharthaíocht.
  • Gach Roinn
 
1.19 Gach teanga Deiseanna a chur san áireamh le scileanna teanga a fhorbairt i bhforbairt agus próiseas foirne.
  • Béim ar Chustaiméirí
  • Acmhainní Daonna
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
 
1.20 Teanga Chomharthaíochta Soláthar aistriúcháin Teanga Chomharthaíochta a leathnú ar leathanaigh mhóréilimh ar an suíomh Gréasáin
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Margaíocht agus Cumarsáidí
 
1.21 Gach teanga A chinntiú go soláthraíonn comhpháirtithe oibriúcháin ar nós GLL seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin cuí.
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
 
1.22 Gaeilge Iniúchadh a dhéanamh ar an ateangaireacht chomhuaineach a sholáthar do Chomhaltaí ar mian leo aitheasc a thabhairt don Chomhairle trí mheán na Gaeilge.
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
 

2.0 Brandáil 

Teanga Gníomh Roinn atá Freagrach Tosaíocht Láithreach Tosaíocht níos Fadtéarmaí
2.1. Gaeilge Infhaighteacht lógó Gaeilge na Comhairle a chur chun cinn, úsáid sínithe corparáideacha dátheangacha Béarla agus Gaeilge agus branda Gaeilge na Cathrach le húsáid i gcomhfhreagras, doiciméadú, litríocht srl.
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Margaíocht agus Cumarsáidí

 
2.2. Gaeilge

Réamhobair a dhéanamh ar lógó corparáideach dátheangach.

  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Margaíocht agus Cumarsáidí
 
2.3 Ultais agus Gaeilge A bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara le cur chuige a fhorbairt le feasacht a ardú ar logainmneacha agus sráidainmneacha Ultaise agus Gaeilge.
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Áit agus Geilleagar (Forbairt Gheilleagrach)
  • Dea-Chaidreamh
  • Margaíocht agus Cumarsáidí
 
2.4 Ultais Lógó Ultaise agus sínithe corparáideacha dátheangacha Ultaise agus Gaeilge a fhorbairt, agus  iniúchadh a dhéanamh ar fhorbairt bhranda Ultaise na Cathrach le húsáid i gcomhfhreagras, doiciméadú, litríocht srl
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Margaíocht agus Cumarsáidí
 
2.5 Teanga Chomharthaíochta

Cur chuige a fhorbairt maidir le faisnéis “fáilte” Theanga Chomharthaíochta aistrithe ag ionaid shainaitheanta na comhairle agus idirchaidreamh le ranna ábhartha maidir le suiteáil agus soláthar scáileáin nua nuair is cuí.

  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Margaíocht agus Cumarsáidí
  • Cláir Fhisiceacha
 

 

2.6 Teangacha agus Modhanna Cumarsáide do Dhaoine atá faoi Mhíchumas Cur chuige a fhorbairt maidir le comharthaíocht ar fud áiseanna na Comhairle trí idirchaidreamh a dhéánamh leis na ranna ábhartha maidir le suiteáil agus soláthar comharthaíochta nua Míchumais m.sh. Braille, léarscáileanna tadhlacha.
  • Cláir Fhisiceacha
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Margaíocht agus Cumarsáidí
   

3.0 Pobal, Oideachas agus Gnó

Teanga Gníomh Roinn atá Freagrach Tosaíocht Láithreach Tosaíocht níos Fadtéarmaí
3.1 Gach teanga Iniúchadh a dhéanamh ar chiste forbartha na Straitéise Teanga d’imeachtaí inmheánacha agus seachtracha a fhorbairt agus leanúint ar aghaidh ag óstáil imeachtaí inmheánacha agus seachtracha a chuireann gach gné den Straitéis Teanga chun cinn.
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Airgeadas
  • Áit agus Geilleagar (Forbairt Gheilleagrach)
 
3.2 Gach teanga Tacú le cur i bhfeidhm gníomhartha a bhaineann le teangacha i gClár Scéalta Bhéal Feirste.
  • Áit agus Geilleagar agus Mol Bhéal Feirste mar Cheann Scríbe
  • Cláir Fhisiceacha
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
 
3.3 Gaeilge Réimse ceardlann nó seisiún faisnéise agus imeachtaí a fhorbairt ar cheisteanna a bhaineann leis an chomhairle mar shampla ar athchúrsáil, bhithéagsúlacht srl atá dírithe ar Ghaelscoileanna
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Cathair agus Comharsanacht
 
3.4 Gaeilge Cúrsa seachtrach aon uaire, arna fhorbairt i gcomhairle le páirtithe leasmhara, curtha ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge pobalbhunaithe ar mhodhanna múinte.
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
 
3.5 Gaeilge Acadaimh Fostaíochta agus Uasoiliúna a Chur ar fáil do chúntóirí ranga trí mheán na Gaeilge agus do dhaoine eile atá ag obair in earnáil na Caelscolaíochta
  • Áit agus Geilleagar (Forbairt Gheilleagrach)
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)

 

3.6 Gaeilge Tionscnaimh chultúrtha Ghaeilge a chur chun cinn agus a bheith ag obair i gcomhar le soláthraithe seirbhísí turasóireachta le hinfheictheacht na Gaeilge a mhéadú i dtairiscintí turasóireachta Bhéal Feirste, an Cheathrú Ghaeltachta san áireamh.
  • Áit agus
  • Geilleagar (Forbairt Gheilleagrach)
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
 
3.7 Gaeilge Comórtas scríbhneoireachta cruthaitheach seolta dírithe ar dhaltaí i nGaelscoileanna agus ar dhaltaí A-Leibhéil Gaeilge.
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Dea-Chaidreamh
 
3.8 Gaeilge Leabhrán Gaeilge ina bhfuil bunfhrásaí Gaeilge, nathanna cainte agus fíricí faoi bhuntáistí an dátheangachais a chur amach.
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
 
3.9 Gaeilge An fhéidearthacht a mheas le hOireachtas na Gaeilge (féile bhliantúil chultúrtha agus ealaíon na Gaeilge) a reáchtáil i mBéal Feirste.
  • Áit agus Geilleagar (Forbairt Gheilleagrach)
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
 
3.10 Ultais Leabhrán ar Logainmneacha Ultaise Bhéal Feiriste a chur chun cinn agus a scaipeadh ag Halla na Cathrach.
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
 
3.11 Gach teanga An dóigh ar féidir buntáistí na héagsúlachta teanga a chur chun cinn don phobal gnó i mBéal Feirste.
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Áit agus Geilleagar (Forbairt Gheilleagrach)

 

 

4.0 Príomhréimse Oibre: Feasacht agus Rannpháirtíocht na Foirne

Teanga Gníomh Roinn atá Freagrach Tosaíocht Láithreach Tosaíocht níos Fadtéarmaí
4.1 Teanga Chomharthaíochta Raon cúrsaí Teanga Chomharthaíochta a sholáthar don fhoireann.
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Acmhainní Daonna
 
4.2 Teangacha agus Modhanna Cumarsáide do dhaoine atá faoi Mhíchumas Feasacht a chur chun cinn don phobal tríd an suíomh Gréasáin agus Cúrsaí Cathrach ar an dóigh le rochtain a fháil ar dhoiciméid, seirbhísí agus áiseanna na Comhairle, mar shampla, an dóigh le doiciméid agus foirmeacha a iarraidh i bhformáid eile.
  • Margaíocht agus Cumarsáidí
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Béim ar Chustaiméirí
 
4.3 Gach teanga Lámhleabhar “Making Communications Accessible” a fhorbairt agus a rolladh amach agus treoir don fhoireann a fhorbairt maidir le roghanna inrochtanta a sholáthar (msh., fotheidil, dubáil) do chruinnithe agus imeachtaí cianda.
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • AD Corparáideach
  • Margaíocht agus Cumarsáidí
  • Seirbhísí Digiteacha
 

4.4

Gaeilge

Grúpa plé neamhfhoirmiúil a chur ar bun don fhoireann a bhfuil Gaeilge acu agus don fhoireann ar mian leo an Ghaeilge a fhoghlaim agus úsáid na Gaeilge a spreagadh i measc na foirne.

  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
 

4.5

Gach teanga

Le tacú le hearcaíocht beidh sé d’aidhm ag an Chomhairle ár rochtain a leathnú trí, mar shampla, a chinntiú go ndéantar fógraí poist a dháileadh go forleathan agus go sonrach ar eagraíochtaí earcaíochta agus tacaíochta a bhfuil baint acu le grúpaí faoi ghannionadaíocht go háirithe.  

  • Acmhainní Daonna

 

5.0 Príomhréimse Oibre: Rannpháirtíocht

Teanga Gníomh Roinn atá Freagrach Tosaíocht Láithreach Tosaíocht níos Fadtéarmaí
5.1 Pobail Mhionlaigh Eitneacha Fóram geallsealbhóirí Pobail Mhionlaigh Eitnigh a chur ar bun le hionchur a thabhairt i bpleananna gníomhaíochta agus i bhforbairt beartais. Foghrúpa ón Fhóram Imirceach a bheadh san fhóram seo.
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
  • Dea-Chaidreamh
 
5.2 Gach teanga Daoine óga a bheith páirteach i bhFóram Rannpháirtíochta Straitéise Teanga seachtracha na Comhairle
  • Seirbhísí Dlí agus Cathartha (Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta)
 

 

Iarscríbhinn 1 – cur chuige eatramhach do theangacha roghnaithe do Phobail Mhionlaigh Eitneacha

Bailíodh eolas ó fhoinsí éagsúla leis an teanga is mó éileamh a aithint do Phobail Mhionlaigh Eitneacha. 

Tá líon na n-iarratas ar aistriúchán agus teangaireacht teanga chuig an gComhairle ó Aibreán 2018 leagtha amach thíos:

Teanga Líon na nIarratas
Araibis 15
Rúisis 4
Polainnis 4
Somáilis

2

Sínis (Mandairínis Thraidisiúnta) 1
Sínis (Mandairínis Shimplithe) 1
Rúmáinis 1
Spáinnis 1

Tá na staitisticí is déanaí curtha ar fáil ag Iontaobhas Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh Bhéal Feirste ar na teangacha is mó a iarrtar orthu maidir le hateangaireacht a dhéanamh i gcúrsaí sláinte:

Teanga Iarratais
  1. Araibis
9235
  1. Polainnis
4697
  1. Rúmáinis
3032
  1. Somáilis
2708
  1. Slóvaicis
2138

Foilsíodh cnuasach staitisticí Teanga ó Dhaonáireamh 2021 i Meán Fómhair 2022, ach foilseofar tuilleadh sonraí faoi Theangacha le linn Gheimhreadh agus Earraigh 2023. Tá liosta na dteangacha a bhíonn á labhairt sa bhaile thíos.

Príomhtheanga Daonra %
1. Béarla 310,386 93.000944
2. Polainnis 3843 1.1514779
3. Gaeilge* 2659 0.7967161
4. Sínis (Mandairínis) 2272 0.6807593
5. Araibis 2046 0.6130429
6. Rúmáinis 1460 0.4374597
7. Spáinnis 960 0.2876448
8. Portaingéilis 669 0.2004524
9. Slóvaicis 649 0.1944598
10. Mailéalaimis 527 0.157905
11. Tagálaigis nó Filipínis 462 0.138429
12. Ungáiris 433 0.1297398
13. Sínis (Cantainis) 415 0.1243464
14. Liotuáinis 397 0.1189531
15. Rúisis 228 0.0683156
16. Bulgáiris 179 0.0536338
17. Laitivis 123 0.0368545
18. Teiteanas 20 0.0059926
19. Teangacha Eile* 6017 1.8028735
IOMLÁN 333,745 100

Tabhair faoi deara gur chuir Daonáireamh 2021 ceisteanna leantacha ar chumas teanga sa Ghaeilge agus san Ultais:

Thug 17,986 duine i mBéal Feirste le fios go bhfuil siad in ann Gaeilge a labhairt, a scríobh agus a léamh

Thug 2,553 duine i mBéal Feirste le fios go bhfuil siad in ann Ultais a labhairt, a scríobh agus a léamh

Moladh – na 5 theanga is mó de chuid na bPobal Mionlach Eitneach le hábhar na Comhairle a aistriú.

Bunaithe ar staitisticí Dhaonáireamh 2021 agus ar iarratais teanga a eisíodh chuig an gComhairle agus chuig Iontaobhas Bhéal Feirste le blianta beaga anuas, táimid ag moladh na teangacha seo a leanas a liostú mar na cúig cinn is mó le hábhar na Comhairle a aistriú:

  1. Polainnis
  2. Sínis (Mandairínis agus Simplithe)
  3. Araibis
  4. Rúmáinis
  5. Somáilis
Read aloud icon Read aloud