Cén áit a mbeidh an t-imeacht ag tarlú?
Beidh an pharáid sa tsiúl i Lár Chathair Bhéal Feirste, ag tosú os comhair Halla na Cathrach trí:
- Cearnóg Dhún na nGall Thuaidh
- Sráid Chichester
- Sráid Victoria
- An tSráid Ard
- Plás an Chaisleáin
- Plás Dhún na nGall, ag pilleadh ar Halla na Cathrach.
Cá huair a thosóidh agus a chríochnóidh an t-imeacht?
Imeoidh an pharáid ó Halla na Cathrach Dé Máirt, an 17 Márta ar 1.30pm agus rachaidh trí lár na cathrach, go bpillfidh sí ar Halla na Cathrach thart ar 3pm.
An mbeidh Halla na Cathrach agus a thailte oscailte don phobal?
Beidh Halla na Cathrach druidte don phobal go dtí 2pm.
Ní bheidh caifé an Bobbin ar oscailt Dé Máirt, an 17 Márta.
Beidh na tailte druidte don phobal an lá ar fad.
An imeacht insroichte a bheas ann?
Tá muid meáite ar a chinntiú go mbíonn ár gcuid imeachtaí insroichte ionchuimsitheach. Ar na háiseanna a bheas ar fáil ar an láthair, beidh:
- Beidh limistéar féachana inrochtana ann ar Shráid Chichester, laistigh den stad Glider. Tá sé seo socraithe do dhaoine a úsáideann cathaoir rothaí agus dá gcompánaigh, is iad na chéad daoine a thiocfas a gheobhaidh na háiteanna.
- Cuirfear Tráchtaireacht Fuaime ar fáil do dhaoine atá dall nó a bhfuil radharc na súl caillte acu. Le níos mó eolais a fháil agus lena cur in áirithe, seol rphost chuig [email protected].
Dóibh sin ar mian leo amharc ar an pharáid ó áit níos ciúine, nach mbeadh chomh plódaithe céanna, is féidir seasamh thart ar Chlog Albert agus beidh scáileán mór ann ag an acomhal idir an tSráid Ard agus Plás Dhún na nGall.
Tá carrchlóis phoiblí gar go leor don ionad agus spásanna ann do lucht míchumais, go dtí go líonfar iad uilig. Faigh níos mó eolais ar na carrchlóis phoiblí.
An mbeidh leithris ar fáil ag an imeacht seo?
Ní bheidh aon soláthar tiomnaithe leithris ag an pharáid don lucht freastail seachas na háiseanna atá ann cheana i lár na cathrach.
An mbeidh garchabhair ar an láthair?
Beidh Garchabhair ann ag an imeacht seo. Gabh chuig an mhaor is cóngaraí duit ar an láthair le cuidiú a fháil.
Má mhothaímse tinn le linn an imeachta, cad é ba cheart domh a dhéanamh?
Labhair leis an mhaor is cóngaraí duit nó beidh sé nó sí in ann cuidiú leat. Beidh garchabhróirí ar an láthair againn.
An mbeidh maoir ag an imeacht?
Beidh – fostófar maoir don imeacht.
Cén áit a mbeidh an limistéar páirceála don imeacht?
Níl aon limistéar ainmnithe páirceála ann ach beidh go leor de na carrchlóis i lár na cathrach oscailte. Faigh níos mó eolais ar an pháirceáil.
Mholfadh muid fosta don lucht freastail taisteal de shiúl na gcos, ar rothar nó an t-iompar poiblí a úsáid.
Faigh níos mó eolais ó www.translink.co.uk
Tá stáisiúin nasctha de chuid Belfast Bike ar fáil ar fud lár na cathrach.
An rachfar ar aghaidh leis an pharáid má bhíonn sé ag cur fearthainne?
Rachfar, moltar do dhaoine éadaí cuí a chaitheamh don aimsir.
An bhfuil cead agam grianghraif agus físeáin a thógáil ag an imeacht seo?
Tá, ach faoi choinne úsáid phearsanta amháin nó más rud é gur thug lucht eagraithe an imeachta cead duit é seo a dhéanamh.
Cá háit a dtig liom níos mó eolais a fháil ar Pharáid na Féile Pádraig i mBéal Feirste?
Cá háit a dtig liom níos mó eolais a fháil ar imeachtaí Ceiliúrtha eile de chuid na Féile Pádraig sa chathair?