Skip to main content

A gcéad pholasaí Gaeilge riamh faofa ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste

Date: 1 October 2025


Councillor Natasha Brennan and Pól Deeds from Foras na Gaeilge outside City Hall.

Tá comhairleoirí i ndiaidh polasaí Gaeilge a fhaomhadh anocht don Chomhairle.

Tháinig an cinneadh s’acu, a rinneadh tráthnóna ag cruinniú míosúil Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, sna sála ar chomhairliúchán poiblí a reáchtáladh ó Lúnasa go Samhain 2024.

Tá leagtha amach sa pholasaí seo mar atá sé beartaithe ag an Chomhairle an Ghaeilge a chur chun cinn agus a úsáid ina cuid seirbhísí, lena n-áirítear ateangaireacht agus aistriúchán, croí-cháipéisí agus croí-fhoilseacháin, comharthaí i saoráidí dá cuid, ar shuíomh gréasáin na comhairle belfastcity.gov.uk agus mar chuid d’fhéiniúlacht chorparáideach na comhairle, lena n-áirítear an lógó s’aici.

Le linn mhíonna Lúnasa agus Mheán Fómhair, rinne comhairleoirí ar an Choiste Straitéiseach Polasaí agus Acmhainní breithniú ar an aiseolas a fuarthas ón Chomhairliúchán Phoiblí, rud a spreag freagairt ó chónaitheoirí, ó fhoireann na comhairle, ó cheardchumainn agus ó eagrais de chuid Fhóram Páirtithe Leasmhara Gaeilge na Comhairle.

I ndiaidh an chomhairliúcháin seo, d’aontaigh an coiste gur cheart na tograí sa pholasaí a ghlacadh chun cinn agus gur cheart go mbeadh an t-aon lógó dátheangach amháin ann don eagras, rud a bheadh ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta do theangacha mionlaigh. Tá an obair deartha faoi choinne féiniúlacht chorparáideach agus lógó úr idir lámha, agus rachfar i gcomhairle arís le ceardchumainn mar chuid den obair seo.

Daingníodh an cinneadh s’acu ag cruinniú iomlán na comhairle anocht.

In éineacht leis an pholasaí, chomhaontaigh an Chomhairle fosta ar phlean forfheidhmithe ardleibhéil don chéad dá bhliain eile le tacú leis an fhoireann lena cuid cuspóirí a réadú. Comhaontaíodh i gcruinniú iomlán mhí Iúil den Chomhairle gur £1.9m an tsuim a bheadh i gceist leis an pholasaí a chur i bhfeidhm.

“Is cloch mhíle stairiúil é an polasaí seo don phobal Gaeilge i mBéal Feirste, agus don Chomhairle s’againn” arsa an Comhairleoir Natasha Brennan, Cathaoirleach an Choiste Straitéisigh Polasaí agus Acmhainní.

Tá an chomhairle s’againn ag cur polasaí i bhfeidhm atá uaillmhianach ceannródaíoch, ag bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a chur chun cinn, a chosaint agus a cheiliúradh ar fud na cathrach.

“Is ionann an polasaí seo agus céim mhór chun tosaigh don éagsúlacht teanga a chothú, agus cinnteoidh sé go dtacófar le gach aon duine ar mian leis nó léi ár gcuid seirbhísí a úsáid trí mheán na Gaeilge, é sin a dhéanamh”.

“Tá £1.9 milliún geallta againn sa dá bhliain amach romhainn leis an pholasaí a chur i bhfeidhm, agus beidh nuashonruithe rialta á gcur faoi bhráid comhairleoirí, le go dtig linn súil a choinneáil ar an dul chin cinn atá muid a dhéanamh agus an méadú a thagann ar an rochtain ar ár gcuid seirbhísí agus saoráidí, trí mheán na Gaeilge, a fheiceáil de réir a chéile.”

Agus é ag cur fáilte roimh fhaomhadh an pholasaí úir, arsa Pól Deeds ó Fhoras na Gaeilge, atá molta don ról mar Choimisinéir Gaeilge agus ball d’Fhóram Páirtithe Leasmhara Gaeilge na Comhairle:

“Molann Foras na Gaeilge Comhairle Cathrach Bhéal Feirste as an pholasaí Gaeilge seo a ullmhú. Leis an pholasaí úr Gaeilge seo, tá an Chomhairle ag tabhairt aitheantais d’fhás agus d’fhairsinge phobal na Gaeilge sa chathair, do gach cainteoir agus do gach foghlaimeoir Gaeilge i gceantar na Comhairle agus do gach Gaeilgeoir a thagann chuig an chathair, bíodh sin mar thurasóir nó iad siúd atá anseo ar mhaithe le gnó a dhéanamh a chuirfidh lenár ngeilleagar.

“Bheireann an polasaí seo deis fosta freastal ar na grúpaí agus na daoine inár sochaí a mhothaigh go dtí seo, ar chúis amháin nó eile, go raibh siad scoilte ó shaol na Gaeilge. Is féidir leis an pholasaí Gaeilge seo a bheith ina uirlis leis an mhórphobal a aontú agus a thabhairt le chéile lenár stair shaibhir roinnte a cheiliúradh agus le saol níos saibhre i gCathair Bhéal Feirste a roinnt lena chéile as seo amach.”

Is é polasaí na Gaeilge an chéad pholasaí a chuirfear ar fáil faoi Straitéis Uile-Ghabhálach Teanga na comhairle. Is iad na snáithí eile ná Albainis Uladh, an teanga chomharthaíochta (Teanga Chomharthaíochta na Breataine agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann), agus cumarsáid leo sin atá faoi mhíchumas agus de chuid pobail eitneacha mhionlaigh.

Tá cláir eile oibre, ag díriú ar na teangacha seo, sa tsiúl fosta. Mar a bhí amhlaidh leis an pholasaí Gaeilge, múnlófar na sruthanna oibre seo trí rannpháirteachas le grúpaí teanga, le go mbeidh siad bunaithe ar riachtanais shainiúla an phobail áirithe sin.

Read aloud icon Read aloud