Skip to main content

An Ghaeilge i gcroílár Fhleadh Cheoil na hÉireann trí mhol tiomnaithe agus clár cultúrtha seachtaine

Date: 16 July 2026


Beidh an Ghaeilge mar chuid thábhachtach d’eispéireas na gcuairteoirí ag Comhaltas Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste i mí Lúnasa seo chugainn, le clár imeachtaí cuimsitheach chun fáilte a chur roimh Ghaeilgeoirí, foghlaimeoirí agus daoine atá nua don teanga.

Mar an ceiliúradh is mó ar domhan ar cheol agus ar chultúr na hÉireann, is cuid lárnach den Fhleadh í an teanga agus beidh sí le feiceáil sna maisiúcháin féile atá á gcur suas ar fud na cathrach ón tseachtain seo amach.

Agus Béal Feirste á chlaochlú ina cathair óstach Fhleadh don chéad uair, tá sí ag ullmhú chun céad míle fáilte a chur roimh bhreis agus 800,000 cuairteoir idir an 2 agus an 9 Lúnasa.

Cabhróidh comharthaíocht dhátheangach, eolas do chuairteoirí, maisiúcháin féile agus bonneagar sealadach eile le daoine teacht ar ionaid, ar nithe is díol spéise agus ar shaoráidí an imeachta, agus cuirfidh siad atmaisféar féile ar fáil i gcroílár na cathrach.

Beidh Mol na Gaeilge san MAC ar cheann de phríomhionaid ghníomhaíochta na Fleidhe, agus beidh clár seachtaine d’imeachtaí teanga, ceoil, ealaíon, cultúir agus pobail ar siúl ann.

Áireofar sa mhol ranganna blaiseadh Gaeilge saor in aisce gach lá arna reáchtáil ag Ollscoil Uladh, mar aon le mol tae agus comhrá agus seomra tiomnaithe do theaghlaigh a bheidh ar oscailt i rith na seachtaine.

Áireofar sa chlár seisiúin cheoil thraidisiúnta laethúla, siamsaíocht teaghlaigh, ceardlanna ealaíon agus ceardaíochta, ióga, scileanna sorcais agus comhráite pobail.

Beidh scannánaíocht Ghaeilge mar chuid lárnach den chlár freisin, lena n-áirítear taispeántais de Mise Éire, Róise & Frank agus An Cailín Ciúin, chomh maith le cainteanna agus díospóireachtaí ar theanga, oidhreacht agus féiniúlacht chultúrtha.

Beidh siúlóid staire Bhéal Feirste faoi stiúir an Ollaimh Fhionntáin de Brún, craoltaí beo ó Raidió Fáilte, ceardlanna do theaghlaigh agus plé ar chuimsiú, inrochtaineacht agus rannpháirtíocht pobail mar chuid den chlár.

Dúirt Ardmhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Róis-Máire Donnelly: “Tugann Fleadh Cheoil na hÉireann deis iontach dúinn an Ghaeilge a cheiliúradh mar chuid bheo bhríomhar dár gcathair agus dár n-oidhreacht chultúrtha chomhroinnte. Cruthóidh an mol tiomnaithe san MAC spás fáiltiúil do chách – ó chainteoirí líofa agus foghlaimeoirí go daoine atá fiosrach faoin teanga den chéad uair.

“Trí cheol, scannán, comhrá, gníomhaíochtaí teaghlaigh agus imeachtaí cultúrtha, beidh deis ag cuairteoirí an Ghaeilge a bhlaiseadh ar bhealach taitneamhach inrochtana.”

Chomh maith le Mol na Gaeilge, beidh imeachtaí a dhéanfaidh ceiliúradh ar theanga agus ar thraidisiúin Uladh-Albanach ar siúl san Corn Exchange ar Shráid Gordon.

Tabharfaidh léirithe móra, lena n-áirítear Sharing Traditions, an taispeántas Ulster Bands agus Connections, ealaíontóirí agus taibheoirí ó chúlraí éagsúla le chéile agus léireoidh siad oidhreacht chomhroinnte agus éagsúlacht shaibhir Bhéal Feirste.

I measc na mbuaicphointí eile beidh damhsa Meicsiceach ag Saltwater Square, taispeántas Beat Carnival ag FLAXX ar Sráid Brunswick (an bheirt acu Dé Domhnaigh 2 Lúnasa), caint le Gary Hastings ar ‘oráiste agus glas’ de cheol traidisiúnta (Leabharlann Linenhall, an Déardaoin 6 Lúnasa) agus ceolchoirm a fhiosróidh naisc idir cultúir na Peirse, na gCoirdíneach agus na gCeilteach ag an Duncairn, ar an Déardaoin 6 Lúnasa chomh maith.

Tá breis agus 90 imeacht pobail beartaithe freisin mar chuid de chlár imeallach na Fleidhe ar fud na cathrach.

Tá an chomhairle i gcomhar le grúpaí ealaíon, pobail agus ionaid áitiúla chun clár éagsúil imeachtaí a chur ar fáil roimh, le linn agus i ndiaidh na príomhfhéile.

Cuirfear tús leis an gclár imeallach an deireadh seachtaine seo le hócáidí ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé hAoine 17 Iúil, ceolchoirm le John Spilanne, Lorraine Nash agus aíonna ag An Duncairn Dé Sathairn 18 Iúil agus Super Sunday Session East ag Skainos Dé Domhnaigh 19 Iúil.

Tabhair cuairt ar fleadhcheoil.ie chun sonraí iomlána an chláir a fháil.
 

Read aloud icon Read aloud