Skip to main content

‘Céad mile fáilte’ go Béal Feirste d’Oireachtas na Samhna

Date: 16 October 2025


Is gearr uainn anois go dtiocfaidh Oireachtas na Samhna go Béal Feirste, agus tá an chathair á réiteach féin le fáilte a chur roimh suas le 10,000 de rannpháirtithe agus lucht féachana ar an fhéile Ghaeilge agus ealaíon is sine in Éirinn.

Beidh an fhéile ar siúil sa chathair ón 29ú Deireadh Fómhair go dtí an 2ú Samhain, agus beidh Gaeilgeoirí ag teacht ón uile chearn den tír le dul i mbun imeachtaí ealaíne, ceoil, amhránaíochta ar an tsean-nós, agus an bhéil bheo. 

Tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, a bhí ar thús cadhnaíochta maidir leis an fhéile a thabhairt ar ais chun na cathrach den chéad uair ó 1997, i ndiaidh £30,000 de dheontais a chur ar fáil do chúig cinn d’eagraíochtaí Gaeilge le himeachtaí bunaithe sa phobal a chur ar siúl sa tréimhse roimh an fhéile. Is iad An Droichead, Ionad Uíbh Eachach, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Ionad na Fuiseoige agus Glór na Móna na heagraíochtaí atá i gceist.

Is í Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge Fhoras na Gaeilge a chuir an maoiniú ar fáil, le gach rud a chur sa tsiúl idir ceardlanna Gaeilge do thosaitheoirí agus ranganna comhrá agus imeachtaí aonair a bhaineann le gnéithe éagsúla de theanga agus de chultúr na Gaeilge.  

Agus é ag bualadh le grúpa lena fháil amach cad atá bearthaithe acu, arsa Leas-Ard-Mhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Paul Doherty:

“Tá an-áthas ar an chomhairle an tOireachtas a thabhairt ar ais go Béal Feirste arís, agus táimid ag éirí tógtha gan fágtha ach dhá sheachtain go mbeidh ‘Cruinniú na nGael’ ar siúl faoin bhaile.

“Bíonn dea-thionchar ag imeachtaí mar seo ar ár gcathair – tugann siad tacaíocht do lucht na siopaí, lucht soláthair turasóireachta agus fáilteachais, agus léiríonn siad an chuid is fearr de Bhéal Feirste do chuairteoirí, rud a spreagann daoine le teacht ar ais arís.

“Ó thaobh lucht na Gaeilge de, is deis faoi leith é an tOireachtas tumadh isteach sa Ghaeilge agus a ndíogras i leith chosaint agus chothú na Gaeilge a roinnt. 

“Tá seo mar mhacalla ar chuspóir na comhairle a chinntiú mbeidh urraim agus meas ar gach teanga sa chathair, agus go ndéanfar iad a cheiliúradh agus a chothú. Tá imeachtaí den scoth beartaithe ar fud na cathrach chun blas a fháil ar an fhéile agus deis a thabhairt do chainteoirí idir nua agus reatha a bheith páirteach i ngach rud a bhaineann leis an Oireachtas.”

Tá An Droichead ar na heagraíochtaí a fuair maoiniú ón chomhairle le himeachtaí pobail a chur ar siúl le linn na féile.

Mar chuid den chlár imeachtaí acu thart timpeall ar an Oireachtas, beidh léacht saor in aisce faoin tSamhain (Dé Céadaoin 15 Deireadh Fómhair), ceardlann déanta scuaibe (Dé Domhnaigh 19 Deireadh Fómhair) ina bhfaighidh rannpháirtithe oiliúint le scuab thraidisiúnta a dhéanamh ó chraobhóga agus cuaillí, agus siúlóid Déardaoin an 23ú Deireadh Fómhair, sa tóir ar na Tuatha Dé Danann – lucht sí na hÉireann ón mhiotaseolaíocht.

Arsa Fionnuala Nic Thom, Oifigeach Forbartha leis An Droichead: “Tá níos mó i gceist ná féile chultúrtha san Oireachtas, dar le lucht labhartha agus foghlamtha na Gaeilge – is ceiliúradh é ar fhéiniúlacht, oidhreacht, agus ar phobal.”

“Leis an tacaíocht seo ón chomhairle, beidh de chumas ag i bhfad níos mó daoine bheith rannpháirteach san Oireachtas, cruinniú phobal na Gaeilge le himeachtaí, taibhléirithe, agus eispéiris chomhroinnte a thabharfaidh ardán don ealaín dhúchais agus a chuirfidh beocht sa Ghaeilge.”

Fuarthas maoiniú chomh maith d’Fhís an Phobail le ceardlanna scoile a sholáthar do dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge, rud a tharraingeoidh aird ar oidhreacht an Oireachtais. 

Le linn Mheán an Fhómhair, bhí daltaí Bhunscoil Phobal Feirste, Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh agus Ghaelscoil na bhFál ag fiosrú stair na Féile, a cuireadh sa tsiúl den chéad uair in 1897, agus ag foghlaim a thuilleadh faoi chuid de na comórtais speisialta, ar nós Chorn Uí Riada san amhránaíocht agus Lúibíni ina mbíonn beirt ag tabhairt freagraí ar a chéile sa véarsaíocht.

“Táimid ag súil le hOireachtas i mBéal Feirste a mbeidh ardrath air in 2025, i bhfianaise na sárthacaíochta seo atá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, agus grúpaí eile Gaeilge agus ealaíon a chur ar fáil”, arsa Máirín Nic Dhonnchadha, AOF An tOireachtas.

“Níl aon chathair is fearr ná is fáiltí ná Béal Feirste, dar liom, chun óstáil a dhéanamh ar an cheiliúradh bheoga bhliantúil seo ar na healaíona traidisiúnta agus comhaimseartha, chomh maith leis na mílte rannpháirtithe dílse ar achan aois a dhéanann freastal ar an fhéile achan bhliain.”
 
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi Oireachtas na Samhna ó shuíomh gréasáin oifigiúil na féile antoireachtas.ie/oireachtas-na-samhna/ 

Read aloud icon Read aloud