Date: 12 March 2026
Beidh atreoruithe tráchta i bhfeidhm i lár agus thart ar lár chathair Bhéal Feirste Dé Máirt, an 17 Márta, mar gheall ar imeachtaí a reáchtálfar le Lá Fhéile Pádraig a chomóradh.
Moltar do chuairteoirí agus do rannpháirtithe a dturas a phleanáil roimh ré agus am breise a chur ar leataobh lena mbealach a dhéanamh isteach agus amach as lár na cathrach.
Thig le tiománaithe a bheith ag súil le roinnt moilleanna agus le hatreoruithe le linn rás 10K Chraic SPAR, a bheas á eagrú ag Aisling Events, agus é ag imeacht ó Halla na Cathrach ar 9am agus ag críochnú ag Páirc Ormeau. Cuimsíonn an bealach lár na cathrach mar aon le Bóthar na bhFál, Claífort an tSrutháin Mhilis agus Bóthar Ormeau, ó thart ar 8am go dtí 11am.
Beidh cur isteach ann fosta ar feadh bhealach pharáid Lá Fhéile Pádraig na Comhairle, agus í ag imeacht ó Halla na Cathrach ar 1.30pm go leanfaidh sí conair chiorclach, trí Shráid Chichester, Sráid Victoria, an tSráid Ard, Plás an Chaisleáin agus Plás Dhún na nGall, go bpillfidh sí ar ais ar Halla na Cathrach.
Beidh atreoruithe rollacha i bhfeidhm ón 12.30pm go dtí 3:30pm, sna ceantair seo a leanas agus thart orthu:
- Cearnóg Dhún na nGall Thiar
- Cearnóg an Choláiste Thoir agus Plás Wellington
- An tSráid Ard (istigh), Plás an Chaisleáin, an Ascaill Ríoga agus Plás Dhún na nGall
- Sráid Victoria
- Sráid an Droichid
- Sráid Chichester
- Sráid Áine
- Sráid Arthur Uachtarach, Sráid Skipper agus Sráid Seymour (iad uilig druidte go páirteach nó tá siad díreach taobh le conair na paráide).
Beidh druidim bóithre i bhfeidhm fosta idir 12.30pm agus 6pm Dé Máirt, an 17 Márta le freastal ar Fhéile Cheoil Naomh Pádraig i gCeathrú na hArdeaglaise.
Orthu seo, beidh:
- Sráid Dhún na nGall (an stráice idir Sráid Thalbóid agus Sráid an Acadaimh)
- Sráid an Mhalartáin Thiar (idir Sráid Thalbóid agus Sráid an Acadaimh)
- Sráid an Acadaimh (ag Sráid Phádraig Mhór)
- Sráid Curtis (ag acomhal Shráid York)
- Sráid Dhún na nGall (ó Acomhal Shráid York go hAcomhal Shráid an Acadaimh).
Beidh seirbhís saoire Translink ar siúl i rith an lae Dé Máirt, an 17 Márta, ach is féidir go mbeadh roinnt atreoruithe i bhfeidhm agus an pharáid sa tsiúl.
Leis an scéal is úire a fháil, caith súil ar na scáileáin thaispeána ag na stadanna bus nó tabhair cuairt ar translink.co.uk
Is féidir sonraí iomlána a fháil ar na himeachtaí uilig atá beartaithe, ar dhruidim bóithre agus ar na socruithe tráchta faoi choinne Lá Fhéile Pádraig ag belfastcity.gov.uk/stpatricks